

Ionad Ealaíon
Tá Áras Éanna lonnaithe in Inis Oírr agus is é t-Ionad Ealaíon is faide siar san Eoraip é. Is spás ealaíne ilfheidhmeach é atá i bhfoirgneamh a dearadh ar dtús mar mhonarcha fíodóireachta. Tá trí stiúideo ealaíontóra ann, amharclann 75 suíochán, dhá ghailearaí, caifé (oscailte do gigs amháin) agus seomraí do cheardlanna agus ranganna. Bunaíodh Áras Éanna sa mbliain 2000 agus ó shin i leith is iomaí ealaíontóir náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhfuil freastal déanta againn orthu, idir amharc-ealaíontóirí, ealaíontóirí coincheapúla, ceoltóirí, taibheoirí agus aisteoirí chomh maith le meascán féilte agus ceardlanna. Tá clár ‘Ealaíontóir Cónaithe’ á reachtáil againn le stiúideo féinchuimsitheach agus árasán ar an suíomh. Tá teach ealaíontóirí againn ar suíomh eile ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Is áit ann féin é Áras Éanna, ar oileán gleoite Inis Oírr, áit a bhfaigheann ealaíontóirí sruth inspioráide ar leith.
BEIDH CLÁR 2024 Á SHEOLADH GO LUATH!
Ticéid
Earra | Cur síos | Praghas |
|---|---|---|
Crime and The City Solution Acoustic | Crime & the City Solution is proud to announce the launch of a three-piece acoustic version of the band that will be known as Crime & the City Solution (Acoustic) or Crime (Acoustic) for short | €15/€20 |
Dúchas & Dóchas | Turas 350 bliain trí amhráin Ghaeilge an Chláir | €15/€20 |
Vixen | Dráma mealltach síceolaíoch scríofa ag Helen Casey agus léirithe ag Rose Henderson. A play written by Helen Casey and performed by Rose Henderson is a compelling psychological drama | €15/20 |
An Tuar
Eirchód H91. H006
Amanna oscailte
An Bhliain uilig
Dé Domhnaigh, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn · 11:00 – 16:00
Dé Domhnaigh, Dé Máirt, Dé Céadaoin, Déardaoin, Dé hAoine agus Dé Sathairn · 11:00 – 16:00
Déan teagmháil linn
Fón
099 35005
Líne thalún
099 35005
Suíomh gréasáin
aras-eanna.ie
(osclaíonn i gcluaisín nua)Ríomhphost
eolas@aras-eanna.ie
@ArasEannaIonadEalaine
(osclaíonn i gcluaisín nua)X (Twitter)
@araseanna
(osclaíonn i gcluaisín nua)@araseanna
(osclaíonn i gcluaisín nua)YouTube
@araseanna
(osclaíonn i gcluaisín nua)Ticéid chuig ócáidí
https://www.eventbrite.ie/o/aras-eanna-ionad-ealaine-49144750903
(osclaíonn i gcluaisín nua)