Shansula

Shanshula | Shansula

FILM SCREENING

"Shanshula" - Scannán faoi phobail iascaireachta i nGaza / Documentary about Palestinian fishing families in Gaza

Déardaoin 20 Feabhra

Áras Éanna

7-8pm (doirse 6.45pm)

Beidh pobail Ghaeltachta i measc an 16 pobal in Éirinn agus Albain a chuirfidh an gearrscannán Shanshula i láthair ar an 20 Feabhra, scannán a insíonn scéal na niascairí agus baniascairí Palaistíneacha i nGaza. Léiríonn an scannán streachailt phobal iascaireachta na Palaistíne agus iad ag fulaingt leis na blianta fada mar gheall ar imshuí Iosrael agus mar gheall ar an gcinedhíothú atá ar bun ag Iosrael in Gaza.

Is cineál eangach iascaireachta é an Shanshula i gcaint na n-iascairí Palaistíneacha, agus is siombail sa scannán é de theacht aniar na n-iascairí, ainneoin an náiriú laethúil a dhéantar orthu. Bíonn cabhlach Iosrael ag déanamh ionsaithe orthu go rialta, a chuireann a mbeatha agus a slí bheatha i mbaol.

Roimh an taispeántas, déanfaidh Musheir cur i láthair beoshruthaite in éineacht leis na hiascairí in Gaza, atá taréis filleadh ar a mbailte cé go bhfuil siad scriosta go talamh.

Beidh na taispeántais ar siúl sa Daingean, in Indreabhán, ar Inis Oírr, Inis Mór agus Árainn Mhór, chomh maith le bailte iascaireachta in Éirinn agus san Albain. Is é an 20 Feabhra Lá Domhanda na gCeartais Shoisialta agus tá sé mar aidhm ag an iarracht seo dlúthpháirtíocht a chothú idir phobail iascaireachta sna ceantair seo agus pobal iascaireachta Gaza.

Tabharfar cuireadh do dhaoine ag gach taispeáint síntiús a thabhairt do chiste dlúthpháirtíochta a sheolfar díreach chuig teaghlaigh iascaireachta in Gaza atá díláithrithe nó ar maraíodh duine muinteartha leo.

FILM SCREENING

"Shanshula" - Documentary about Palestinian fishing families in Gaza

Thurs 20th Feb

Áras Éanna

7-8pm (doirse 6.45pm)

~~~~~~~~~~

Coastal communities across Ireland and Scotland will host screenings of the documentary Shanshula, which tells the compelling story of Palestinian fishermen and fisherwomen in Gaza. Directed by Palestinian filmmaker and human rights activist Musheir El Farra, the film follows the Palestinian fishing community’s struggle for survival under Israel’s decades-long blockade and now genocide of the Gaza Strip.

"Shanshula" is local slang for a type of fishing net used in Gaza, a symbol of the enduring spirit of these families despite overwhelming adversity. The film provides a harrowing insight into a community whose lives and livelihoods have been under attack for decades by the Israeli nazy, which lethally enforces restrictions - pitching gunboats against rowing boats.

The international screening is part of a global initiative for World Social Justice Day where Shanshula is being shown in coastal communities worldwide, with the aim of developing a solidarity campaign among fishing communities. Community groups along the Atlantic seaboard and islands from an Daingean, Kerry and north to Árainn Mhór, Donegal, as well as Scotland, will host the screenings simultaneously.

They will be introduced live online by Musheir El Farra accompanied by some of the fishermen in Gaza, who have returned to their devastated neighbourhood.

The screenings are free, with donations invited to a solidarity fund that will be sent directly to the displaced, maimed and bereaved fishing families of Gaza.

Running time: 33 minutes

Age rating: PG, contains some distressing scenes


When & Where

20th Feb 2025, 19:00

20th Feb 2025, 20:00

Áras Éanna

Shansula

Share Post