CLANN MHIC RUAIRÍ - Áras Éanna

CLANN MHIC RUAIRÍ - Áras Éanna

Is banna ceoil tíre/traidisiúnta Éireannach iad Clann Mhic Ruairí. Grúpa teaghlaigh iad, ceathrar deartháir Tony (amhránaí), Aodh (amhránaí/giotáraí), Seán (amhránaí), Dónall (amhránaí/cnagcheoltóir) agus Megan iníon le Tony (pianó agus amhránaí). Tógadh an teaghlach le hamhráin agus scéalta Gaelacha 'Ghaeltacht Rann na Feirste’ i gContae Dhún na nGall, (ceantar Gaeltachta) in Iarthuaisceart na hÉireann. Tugann a gcuid ceoil léargas don éisteoir ar an gcultúr saibhir seo atá á chaomhnú acu. Tháinig ceoltóirí mór le rá as an gceantar seo freisin, ceoltóirí a bhfuil aithne orthu go hidirnáisiúnta agus a mhúnlaigh an ceol traidisiúnta Éireannach óna 1970idí. Is anseo a tháinig Clannad, Skara Brae, Altan, Manus agus Dónall Lunny faoi bhláth gan a lua ach cúpla dream, agus tá Clann Mhic Ruairí ag súil an cultúr saibhir ceoil seo atá i gceartlár a gcroíthe a chaomhnú agus a chur chun cinn. Is ceoltóirí astu féin freisin iad gach duine de Chlann Mhic Ruairí, chan gach duine acu astu féin thar na blianta agus freisin in éineacht le ceoltóirí agus grúpaí eile. Sa mbliain 2013 bheartaigh siad a theacht le chéile go hoifigiúil mar Chlann Mhic Ruairí agus is é an chloch is mó ar a bpaidrín ná traidisiún amhránaíochta Rann na Feirste a chaomhnú. Is amhráin a bhí cumtha agus canta ina gcomharsanacht leis na céadta bliain is mó atá acu. Canann siad na hamhráin thraidisiúnta seo le cur chuige comhaimseartha, nuálach agus spreagthach ach coinníonn siad glaine agus ionracas traidisiúnta an amhráin.

Clann Mhic Ruairí are an Irish folk/trad band. They are a family group, made up of siblings Tony (singer), Aodh (singer/guitar), Sean (singer), Dónall (singer/percussion) and Tony’s daughter Megan (piano and singer). As a family they were raised on the Gaelic songs and stories of the ‘Rann na Feirste Gaeltacht’ in County Donegal, (Gaelic speaking area) in the North West corner of Ireland. Hearing their music gives the listener an insight into this rich culture which they continue to preserve. This corner of Ireland is the birth place of internationally acclaimed artists who have moulded the Irish traditional music scene since the 1970s. Clannad, Skara Brae, Altan, Manus and Dónall Lunny, to name but a few, have all blossomed in this area and Clann Mhic Ruairí have now taken up the torch in the hope of conserving and promoting this rich musical culture which lies at the core of their being. The members of Clann Mhic Ruairí are individual artists in their own right, each member having performed over the years on solo projects and with other artists and groups. In 2013 they decide to formally come together as Clann Mhic Ruairí and the preservation of the song tradition of ‘Rann na Feirste’ is foremost in their mind. Much of their repertoire are songs which were composed and sung in their locality for hundreds of years. They perform these traditional songs with a contemporary, innovative and inspirational approach, retaining the traditional purity and integrity of the song


When & Where

14th Jun 2025, 20:30

14th Jun 2025, 22:30

Áras Éanna

CLANN MHIC RUAIRÍ - Áras Éanna

Share Post