PT

Pleanáil Teanga Inis Oírr

Ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge ar Inis Oírr

Community Services
GlaoighRíomhphost

Is aon Limistéir Pleanáil Teanga amháin iad trí Oileáin Árann. Tháinig ionadaithe ó na trí oileán le chéile le plean seacht mbliana don Ghaeilge a dhearadh.

Tá sé mar aidhm ag an bplean sin go mbeadh ar a laghad dhá thrian den phobal ar chaon cheann de thrí oileáin Árann ina gCainteoirí Laethúla Gaeilge, sé sin le rá eile go mbeadh chuile oileán, neamhspleách ar na hoileáin eile, istigh i gCatagóir A. Tá Bearta an Phlean leagtha amach de réir oileán agus glacann An Coiste Stiúrtha leis go mbeidh chuile oileán freagrach as a bhuiséad féin agus as cur i bhfeidhm a Bhearta féin.

I 2022, fostaíodh trí Oifigeach Pleanála Teanga duine ar Inis Oírr, Inis Meáin agus ar Inis Mór chun bearta an phlean a chuir i gcríoch.

''Go maire muid beo ar scáth a chéile nó go gcuirfear an Plean Teanga seo i bhfeidhm agus go bhfeicfidh muid a thoradh ar thrí Oileán Árann''

Cá bhfuil muid

Eirchód H91 D27X

Treoracha (osclaíonn i gcluaisín nua)

Déan teagmháil linn

Fón

+353 83 202 3712

Ríomhphost

opt@inisoirr.ie

Instagram

@gaeilgeinisoirr

(osclaíonn i gcluaisín nua)

Faigh an aip

Inis Oírr Beo i do phóca

Tógtha ar Inis Oírr ionas gur féidir le muintir na hoileáin agus le cuairteoirí araon an t-oileán a fhionnadh — amanna oscailte, imeachtaí agus nuacht áitiúil, i mBéarla agus i nGaeilge.

Aip Inis Oírr Beo ar fáil ar Android agus iOS