Tá fáilte roimh an bpobal go léir freastal ar an tsiúlóid seo ina bpléifidh Aedín Ní Thiarnaigh ainmneacha Gaeilge na mbláthanna fiáine, na húsáidí traidisiúnta a bhain leo ar fud na hÉireann agus an chaoi ar féidir linn úsáid a bhaint astu inniu.
Siúlóid idirghníomhach a bheidh anseo agus cuirfear fáilte roimh dhaoine a scéalta féin faoi na bláthanna a roinnt.
Bualfaidh an grúpa le chéile ag Trá Inis Oírr ar 12:00 (meánlae) Domhnach an 12 Bealaine agus siúlfar in aice leis an gcósta chomh fada le Poll na gCaorach agus ar ais ar an mbóthar. Mairfidh an turas thart ar 2 uair an chloig.
Bíonn an cosán le cósta éagothrom in áiteanna. Moltar go mór do dhaoine bróga cuí chun siúil a chaitheamh. Tá cead madraí a thabhairt ar an tsiúlóid ach caithfear iad a bheith ar éill.
Má tá ceisteanna agat maidir leis an ócáid is féidir scéal a chur chuig Aedín ag blathannafiaine@outlook.com.
Tá an ócáid seo maoinithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Clár na mBrat Gorm. Is í Gaeilge teanga na hócáide.
Is láithreoir teilifíse, scríbhneoir agus béaloideasaí í Aedín Ní Thiarnaigh, a bhfuil aithne uirthi mar gheall ar na cláracha dúlra a chuireann sí i láthair do RTÉ agus TG4, agus óna cuntas Instagram @BlathannaFiaine.
12th May 2024, 12:00
12th May 2024, 14:00
An Trá