Statement from Irish Water

Ráiteas uisce | Statement from Irish Water

Deireadh anois díreach le srianadh uisce is t’oíche ar Inis Oírr

Dé Máirt an 26 Samhain 2024: Is mian le hUisce Éireann a chur in iúl do chustaiméirí ar Inis Oírr go bhfuil deireadh láithreach bonn leis an srianadh uisce is t’oíche a bhí i bhfeidhm go dtí seo.

Bhí srianadh uisce i bhfeidhm ar Inis Oírr gach oíche ó 11pm go 7am chun na hacmhainní ísle uisce ar an oileán a chaomhnú.

Bhí gá leis an srianadh thar tréimhse an tsamhraidh chun a chinntiú go raibh soláthar leanúnach uisce ar fáil i rith an lae, do mhuintir na háite agus do ghnólachtaí chun críocha sláinteachais agus chun críocha riachtanacha eile.

Méadaíodh soláthairtí go mór trí uisce a thabhairt i dtír ó Ros an Mhíl le roinnt míonna anuas.

Dúirt Tom Kelly ó Uisce Éireann: “Ar an dea-uair tá cúltaiscí uisce ar an oileán tagtha chucu féin arís agus faoi láthair tá go leor uisce ar fáil chun soláthar uisce leanúnach don gheimhreadh a chinntiú. Leanfaidh Uisce Éireann orthu ag déanamh monatóireachta ar an soláthar agus ag cothú an tsoláthair dár gcustaiméirí ar Inis Oírr.

‘Ba mhaith linne ár mbuíochas ó chroí a ghabháil le muintir na háite, le gnónna agus le cuairteoirí chuig an oileán as a n-iarrachtaí an t-uisce a chaomhnú i rith tréimhse an tsrianta.

Tá Uisce Éireann tiomanta do chustaiméirí a choimeád ar an eolas thar roinnt ardán 24/7 agus molaimid do chustaiméirí teagmháil a dhéanamh linn tríd an láithreán gréasáin, trí cháineálacha X @IWCare agus @IrishWater, ar Facebook agus Linkedin agus tríd an líne fhóin do chúram custaiméirí a bhíonn ar oscailt 24/7 ar 1800 278 278.

Tá seirbhís téacsteachtaireachta, saor in aisce seolta ag Uisce Éireann a chuireann eolas réad-ama ar fáil maidir le fadhbanna áitiúla. Is féidir le custaiméirí clárú don tseirbhís leis an Éirchód agus an uimhir ghutháin ag www.water.ie

Nighttime water restrictions on Inis Oírr lifted with immediate effect

Tuesday, 26 November 2024: Uisce Éireann wishes to advise customers on Inis Oírr that essential overnight water restrictions that were in place on the public water supply have now been lifted.

Water restrictions were in effect on Inis Oírr nightly between 11pm and 7am in order to conserve the low water resources on the island.

The restrictions were necessary over the summer months to ensure a continuous daily water supply was available for residents and businesses for hygiene and other essential purposes.

Supplies were increased by a significant amount of tankering of water by sea from Rossaveel over the past number of months.

Tony Kelly of Uisce Éireann said: “Thankfully water reserves on the island have recovered and are currently sufficient to ensure a continuous water supply into the winter. Uisce Éireann will continue to monitor and maintain the supply for our customers on Inis Oírr.

“We would like to thank residents, businesses and visitors to the island for their conservation efforts during the restrictions.”

Uisce Éireann is committed to keeping customers informed across multiple platforms 24/7 and we encourage customers to engage with us through our website, X channels @IWCare and @IrishWater, on Facebook and LinkedIn and through our customer care helpline which is open 24/7 on 1800 278 278.

Uisce Éireann has launched a free text service, providing real-time updates for local issues. Customers can sign up with their Eircode and mobile number at www.water.ie

Statement from Irish Water

Share Post