An bhfuil suim ag do pháiste sa sacar? Ar mhaith le do pháiste páirt a ghlacadh sa chlár teilifíse Scoth Sacair a chraolfar ar TG4 in 2025?
Beidh an comhlacht teilifíse Clean Slate TV ag scannánú in Inis Oírr Dé Luain 28-10-24 & Dé Máirt 29-10-24.
Eagrófar seisiún traenála thar an deireadh seachtaine fada & beidh neart spraoi ag na gasúir!
Déan teagmháil le hOisín 086 8315222 má tá suim agat.