Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Is iad Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta a bhuaigh an gradam do na Ceoltóirí is Fearr atá ag Teacht chun Cinn ag Gradam Ceoil Tíre RTÉ in 2024.

Tagann Séamus & Caoimhe ó chlann ceolmhar atá ag cur fúthu san Aird Mhóir i nGaeltacht Chonamara, Co na Gaillimhe.

Tá cáil orthu de bharr a gcuid amhránaíocht ar an sean-nós (amhránaíocht thraidisiúnta gan tionlacan i nGaeilge) agus ar an gcóiriú ar leith a dhéanann siad ar amhráin Ghaeilge agus Béarla.

Tá an-suim acu i gcóiriú gutha agus in armónú, agus tagann a nguthanna go maith le chéile de bharr gur baill den teaghlach céanna iad.

Chuaigh an leagan den chaoineadh tochtmhar Anach Cuain a chan siad ar an Late Late Show in 2022 i gcion go mór ar phobal na tíre agus scaip sé go sciobtha ar fud an domhain.

Is il-ionstramaithe cumasacha agus rinceoirí Gaelacha a bhfuil gradam Uile-Éireann buaite acu iad Séamus agus Caoimhe agus bíonn an Ghaeilge agus a n-oidhreacht lárnach i gcónaí ina saothar ceoil.

In 2023 a d’eisigh siad a gcéad cheirnín leathfhada dar teideal Séamus & Caoimhe. Is féidir é a íoslódáil ar chuile ardán digiteach agus ba iad Brian Whelan agus cumadóir Riverdance Bill Whelan a chur le chéile é. Thaifead siad é ina stiúideo ag an Fort, Cloch na Rón, Conamara.

Tá BA i gCeol na hÉireann ag Caoimhe ó Dhámh Chruinne Éireann in Ollscoil Luimnigh. Tá Séamus sa mbliain deireanach dá chéim BA i dTeangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh, an Ghaeilge ar cheann de na teangacha sin.

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta are the winners of Best Emerging Artists at the 2024 RTÉ Folk Awards.

Born into a musical family, siblings Séamus & Caoimhe hail from the village of An Áird Mhóir in the Gaeltacht region of Connemara, County Galway.

They are noted for their sean nós singing (unaccompanied traditional Irish vocal performance in the Irish language) and their unique arrangements of both Irish and English language songs.

They take a particular interest in vocal arrangement and harmonization with their performances benefitting from the vocal tones that only families share.

Their Late Late Show performance in 2022 of the soulful lament Anach Cuain captured the mood of the nation and went viral around the world.

Séamus and Caoimhe are both accomplished multi instrumentalists, Irish dancers and All Ireland winning performers who keep the Irish language and their heritage at the heart of all their musical endeavors.

In 2023 they released their debut EP simply titled Séamus & Caoimhe.

It is available to download on all digital platforms and was produced by Brian Whelan and Riverdance composer Bill Whelan and recorded at their studio at The Fort, Roundstone, Connemara.

Caoimhe has a BA in Irish Music from the Irish World Academy at the University of Limerick. Séamus is in his final year of a BA in Applied Languages which includes Irish, also at UL.


When & Where

25th Jul 2025, 20:30

25th Jul 2025, 22:30

Áras Éanna

Séamus & Caoimhe Uí Fhlatharta

Share Post